Friday, March 20, 2009

Cosa Tréachta/ Knackered Legs

Bhuel bhí an cluiche sóisear ann inniú, ach monuair bhí mo chuid cosa trína chéile. Bhí na colpaí i bpian agus bhí sé deacair rith orthu ar chor ar bith. Dimir mé i lár na páirce don chéad leath agus bhí orm teacht den pháirc don dara leath. Ní dhearna mé morán agus mé ar an pháirc agus measaim go mbeinn níos fearr murar imir mé ar chor ar bith! Sin an triú cluiche ón Aoine seo chaite (6 lá ó shin), mar sin is léir go bhfuil na cosa ag iarraidh sos ón rith.

Bhí cluiche le bheith againn ar an Sathairn, ach tá sé curtha ar ceall. Níl díoma orm caithfidh mé a rá, óir is fearr i bhfad a bheith úr do na cluichí sa dóigh is gur féidir díriú intinne iomlán a thabhairt dóibh. Fagann sin go bhfuil an chéad seisiún foirne eile ar an Mháirt. Ós rud é go bhfuil deacrachtaí agam rith tá mé ag dul úsád a bhaint as an am sin le díiú isteach ar láidreacht uaschoirp, croíleacán, agus roinnt pocáil éadrom go dtí go bhfuil na cosa arais chucu féin. Amárach déanfaidh mé seisiún uaschoirp sa gym agus seisiún croíleacán um thráthnóna.

.......................................................................................

Well we had the junior game today, but my legs were in bits. The calfs were in pain and it was reasonably sore to run on them. I played midfield for the first half nonetheless but had to come off in the second. I didnt do much when I was on the field, and cant help but feel i would have been better not playin at al! Thats the third game since Friday (6 days ago!), so the legs clearly want a break.


We were to have another game on Saturday but its cancelled. I cant say im dissappointed, as its best to be fresh for the games so that I can give them full attention. That leaves our next squad session on Tuesday. As im having some difficulty with running at the minute, I am going to take the opportunity to work on upper body strength, core strength, and some light striking until I get back to full mobility. Tomorrow I will do an upper body session in the morning, and a core session in the afternoon.

No comments:

Post a Comment